Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An Tasc Measúnachta

Cuireann an scoláire Tasc Measúnachta foirmiúil scríofa i gcrích atá le cur faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit lena mharcáil i dteannta an scrúdaithe deiridh don staidéar gnó. Tá naisc ag an Tasc Measúnachta le tosaíochtaí an Chuir i láthair, a thugann an deis don scoláire a chuid eolais, scileanna agus tuisceana a chur i bhfeidhm i suíomhanna ón bhfíorshaol agus a chuid scileanna cumarsáide a fhorbairt. Tagann an t‑eolas agus na scileanna a fhorbraíonn an scoláire le linn an Mheasúnaithe Rangbhunaithe chun cinn as an bhfeasacht níos fearr a bhíonn aige ar dhinimic na timpeallachta gnó.

Déanfar measúnú sa Tasc Measúnachta ar ghnéithe éagsúla d’fhoghlaim an scoláire, lena n‑áirítear:

  • a chumas chun measúnú a dhéanamh ar eolas nó ar thuiscint nua a tháinig chun cinn trína thaithí ar an gCur i láthair
  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair sé, agus chun iad a úsáid i suíomhanna nach bhfuil mórán cleachtaidh aige orthu
  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar athraigh a chóras luachanna trína thaithí ar an gCur i láthair.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.